Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)

Suíomh:
An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Ó Cuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Leathanach 0021
  3. XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Bróiteann:- Bhí siad na dthighearnaí talamhna roimh na Bláchaigh.
    Timcheall 200 blian ó chóin bhí duine acha i na gchomhnuidhe ar an g-Chnocarrach (ar loisdín tigh Pádh. Mhaitiú.)
    Cé as a tháinigh na Blácaigh.?
    Aniar as an Abhainn Mór taobh shiar go'n Maám a tháinig siad ar dtús go'n Caisleán Tá sé timceall 350 blian ó bhí na Blácaigh ann. Bhí duthaigh Bh'lá Cliath 'na seilbh tamall na dhiaidh sin. Tá sé ós cionn 4 sgór ó bhí siad ann.
    In aimsear Cromuil sgaipeadh Blácaigh protastunach ar fud na tire tháinig sgata aca ar an gCeathramhadh Ruadh ar an Tullac agus sa gCaisleán. Sa gCaisleán bhí an tArd Ghúistius, bhí trí mhac aige, Ristardh, Arthur, Herbert,
    Droc daoine fhealltach a bhí ionnta agus bhí an fhaitcios ar daoine bochta na h áite rompa.
    Ceaptar gur dtáinig na Blácaigh i dtosach t'eir imtheacht Cromaill.
    Blácaigh
    Sa gCaisleán agus an Tulla.
    Pádraich Ó Bláca an duine ba mheasa.
    Cuaidh clánn Pádraigh go Sasana.
    Risteard agus Páidín.
    Séamus a bhí os cionn an dúthaigh seo.
    Fíor droc thiarna a bhí ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padhraig Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe