Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)

Suíomh:
An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Ó Cuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0015a

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0015a

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Leathanach 0015a
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Grinn (ar lean)

    Bhí fear ann fado agus bhí triúr ingean aige, aon blian amháin tháinig fear ag iarraidh an inghean ba shine lé pósadh agus thugh an fear dhó í.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear agus an triúr bean go dthí teach an athar agus chuaidh an triúr bean siar san seomra ag imirth chártaí agus dfan an triúr fear ag cainnt lé athair a mnaoí chóis na teine.
    Is gearr gur ghlaoidh an chéad fear aniar ar a bhean fhéin acht dubhairt sí, "Fan go mbheidh an cluiche seo imrighthe agam."
    Ghlaoidh an darna fear ar a bhean fhéin acht dubhairt síse an rud céadna, acht nuair a glaoid an tríomhadh fear ar a bhean fhéin leag sí uatha na cártaí agus tháinig sí aniar go dthí é.
    "Mo sheacht grádh thú," adeir an t-athair, "is tú a smachtaigh do bean gan slat ná maide," agus thugh sé céad púnt don fhear."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal Grinn

    Chuaidh fear isteach i siopa fado agus cheannuigh sé péire bróga agus chuir sé air iad.

    Chuaidh fear isteach i siopa fado agus cheannuigh sé péire bróga agus chuir sé air iad .Nuair a bhí sé píosa imthighte dubhairt sé leis féin go mbhainfhead sé do iad, ar fhaitchíos go mbheadh sé dhá gchaitheamh.
    Nuair a bhí siad bainte do buaileadh a chóis in aghaidh clóch agus dubhairt sé; "Nach orm a bhí an t-ádh agus gan na brógha a bheith orm bheadh piosa bainte agam de cheann acha."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge