Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Leathanach 0013
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Grinn (ar lean)
“Bhí sean bhean ann fadó agus ní raibh aon choiscéim siubhail aice.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Diarr sí ar a cuid searbhontaibh í thóghbhál go dtí an teampall go bfheichéadh sí fhéin an solus. Rinneadar amlaidh agus tugadar go dthí an teampull í.
Nuair a bhíodar i ngar don teampull chonnaicheadar an solus agus chaitheadar an t-sean bhean ar an talamh agus as go brátach leó. Déirig an t-sean-bhean í féin annsin agus tháinig a cosaideacht aice agus as go bráthach leí féin i ndhiaidh an chuidh eile.
"Nuair is cruaid don chailleach caithfe sí rith."Scéal Grinn
“Uair amháin bhí sionnach ann agus bhí an ocras air agus ní raibh a fhíos aige cén áit a mbeadh biadh lé fághail aige agus rinne sé suas a intinn a dul síos ag an gcladach.”
Uair amháin bhí sionnach ann agus bhí an ocras air agus ní raibh fhíos aige cén áit a mbheadh bhiadh lé fághail aige agus rinne sé suas a intinn a dul síos ag an gchladach. Chuaidh sé síos acht ní maith a déirig leis, nuair a tháinig sé chomh fada le carraigh chuir sé a theangadh isteach idir cloch agus báirneach agus d'fáisg an báirneach air agus bhain píosa den teanghadh dhó.
Do fágadh an sionnach annsin cáillte.- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe