Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)

Suíomh:
An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Ó Cuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Leathanach 0012
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Grinn

    An t-ám úd in Éirinn bhíodh na daoine bochta ag féastaí chomh maith leis na boic mhóra.

    An t-ám úd in Éirinn bhíodh na daoine bochta ag féastaí chomh maith leis na boich mhóra. Tárla go raibh fear bocht ann a d-aineochadh aon sort feola a leagthaí roimhe. Fuair sé cuireadh lé dul chuigh suipéar mór a bhí lé bheith sa mbhaile an oidhche áithridh seo:
    Dubhairt an buitiléara leis, "cuirfe mé chuig phúnt leat nach mbeidh fhíos agath cé'n sort feola a leagfas mise id fhiadhnaise anocht. Tháinig an oidhche agus leagad an mias bhreág feola amach ós comair an fir bhoicht.
    Ní raibh fíos aige beirthe ná beó cé an sort feola a bhí ann. Thugh sé suas faoí dheireadh agus dubhairt sé; dhá fad dhá dtheigheann an sionnach beirtear sa dheiradh air. Bhuail faithchíos é nuair a chuala sé an comhluadar ag beichú is ag rádh; "Manamh gur fíor dhuith gur píosa de sionnach atá ann."
    Fuair an fear bocht a chuigh phúnt agus sgapaidh a cháil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.