Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)

Suíomh:
An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Ó Cuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0001d

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0001d

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Leathanach 0001d
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mionna: áit mín réidh
    Beal an Átha - Átha treasna ar sruthán ann
    Cnocarrach - cnoc garbh clochach
    Cartúrcaol - Ceathramhadh caol talamhna
    Cartúrleathan - ceathramhadh leathan talamhna
    Páirc na Leice. Sin páirc a bfuil leac mór ina lár.
    An Pháirc Mhór.Sin páirc a bhí nios mo ná na cionn eile.
    Páirc na nGabhar. Páirc iseal a mbíodh gabhar ann.
    Cnocán an Iolair. Bhíodh nead ag iolar ann fadó.
    An Tulla Mhóir. Sin cnocán mor ghainimh
    Tulla na Sídheóg. Bhíodh sideóga le feiceál ar an ngnocán sin fadó
    Clochar na Draighean. Áit garbh clocach agus crainnte draighean ag fás ann
    Gleann na gCapall. Gleann fosgamhail taobh shiar go loch fhada a mbíodh agaidh na gcapall ann.
    Leac a Tomacán - leac sleamhain cois chladaigh a mbíonn daoine ag sleamhuighiughadh uirthi.
    Cloch na Toirnighe. Thuit an toirneach ar an gcloich seo agus sgoilt 'na dhá chuid í.
    Leac na Gualann. Bhíodh daoine ag doigeadh guail ann le tabhairt ag an gceardta.
    An Sliabh Ruadh. Tá dath ruadh ar an bfraoch thart ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe