Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Na hAille, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0542

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0542

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0542
  3. XML “Nósanna Oíche Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nósanna Oidhche Fhéile Brighde
    Chuile Oidhche Fhéile Brighde cuireann fear an tighe cros brobh nó adhmad suas ar an taobhán. Cuireann sé cros sa gcró freisin agus athchuingheann sé ar Naomh Bríghid an teach agus na daoine a thabhairt slán tríd an mbliadhain.
    Bíonn gasúir ag imtheacht thart ó bhaile go baile agus crios nó brighdeóg aca. Bíonn sean-fhear ar bhaile a bhíos i ndon criosanna agus brighdeóga a dhéanamh go maith. Tugann na gasúir punann tuighe chuige sin agus déanann sé crios dóibh.
    Figheann sé an tuighe ina dhá shúgán ar dtús. Annsin figheann sé an dá shúgán sin suas ar a chéile. Fágann sé ceithre chros orra gan ceachtar de na súgáin a bhriseadh. Bíonn an chrios fairsing go maith sa gcaoi gur féidir le chuile dhuine a dhul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge