Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Na hAille, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0508

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0508

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0508
  3. XML “An Duine Uasal a Bhí ina Dhraíodóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Duine Uasal a bhí in a Dhraoidheadóir
    Bhí fear fadó ann agus bhí mac aige. Lá amháin tháinic duine uasal isteach in a theach agus d'iarr sé air an mac a leigeann ar aimsear aige ar feadh bliadhna. Leigfead, arsa fear an tíghe mé leigeann tú ar ais arís agam é nuair a bhéas lá is bliadhain caithte. "Tá go maith," arsa an duine uasal agus d'imthigh sé féin agus an buachaill in aoinfheacht leis. Nuair a bhí lá is bliadhain caithte tháinic an duine uasal agus mac an fhir in aoinfheacht leis. "An leigfidh tú liom bliadhain eile anois é?" arsa an duine uasal. "Leigfead" arsa fear an tighe "má thugann tú ar ais arís
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Coincheannain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máighréad Ní Coincheannain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe