Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Na hAille, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0482

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0482

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0482
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear fadó ann a bhí an-chleasach.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus carr breágh eórnan líonta. D'imthigh an fear leis an eórna agus nuair a bhí sé i bhfoisgeacht míle don mhargadh bhuail faitchíos é mar chuimhnigh sé go maith go dtiocfadh tóir air. Tharraing sé suas an capall i gceann bóithrín. Suas leis an cnocán agus thosuigh sé ag breathnughadh suas ins na spéarthaibh. Ba ghearr gur tháinig an t-athair go dtí é agus fuair sé caidéis dó. "Céard atá tú a dhéanamh annsin?" "Tá mé ag breathnughadh ar charr agus capall ag dul suas go dtí na Flaithis," adubhairt seisean. Tá sin déanta agat anois a bhuachaill," adubhairt an fear eile, "ach ní dhéanfaidh tú arís é." D'imthigh an fear seo abhaile agus thug an fear eile an carr eórnan go dtí an margadh nó gur dhíol sé é agus bhí slám breágh airgid aige dá bharr.
    Colm Ó Cúláin
    Baile an Tighe Mhóir
    Fuaireas an sgéal seo ó
    Lochlainn Ó Cúláin
    Baile an Tighe Mhóir
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Lochlainn Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe