Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)

Suíomh:
Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Uinsionn Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cillíní Díoma
  2. XML Leathanach 0251
  3. XML “Mairgneach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo chrádh go néagfach nach bhfuil mé i nÉirinn
    Ar bhántaibh féarach Oileán na Sidhe,
    le bliadhanta fada faoí bhrón gach tréibhis
    Ins na Státaí Aontuighthe tá mé 'mo shuidhe
    Gan aoibhneas sólas ná suaimhneas Tá ar bith
    go síorruidhe smaointeadh ar bith innis Fáil
    'S a croidhe ag réabadh i lár mo chléibh ó
    Faoi ghaoibhinn shaoghalta go síor a chrádh
    II
    Tráth a rabhas 'mo óglaoch go croicheamhail sportamhail
    bhí mé faoí fé shólás in Innis Fáil
    Acht tháinic iarraidheacht 's dá meas ag seoladh
    Go Tír an óir bhuidhe Merica
    Eire cionnamhail bhocht céad faraoir a dfág thú
    Is thugais slán duithe a bhí i lár a croidhe
    Ba beacaireacht cráidhte abhí athair is áthair
    Is mo cáirde graidheamail abhí leabhtha caoí
    (III)
    Annsin siad a gluaiseas gan croidhe gan suarcas
    A Dhia ní 'n buaidhreadh abhí gan fáth
    Bhí'n cúpla lúbach faoí gruaim is uaigneas
    'Sa gcroidhe faoi dhuarcas ó a Dia go brath
    Bhí an mac a ba mheasa leo ag dul thar sáile
    Gach slíde is fáltas a gealladh dó-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Prionnsíos Ó Conáin
    Inscne
    Fireann