Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)

Suíomh:
Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Uinsionn Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cillíní Díoma
  2. XML Leathanach 0211
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear glas san ngarrdha agus cead cótaí air,
    Freagra = Tor Cabaiste.
    Níl sé amuigh ort, míl sé istigh ort, acht tá sé ort agus ní trom leat é.
    Freagra = T'ainm
    Céard a dhéanfas peire bróg.
    Freagra = Dhá bhróg
    Síos a bóthar, suas a bóthar agus ag tarrainge an bóthar ar mo dhruim.
    Freagra = Dréimire.
    Ceard atá lán agus glacann níos mó.
    Freagra = Póta fataí agus cuirtear uisge isteach
    Fear beag ina seasamh le claidhe itheann sé gach a bhfághann sé acht ní ólann sé uisge.
    Freagra = Teine
    Chuaidh mé suas a bóthar, casadh mo Mham dhom bhí srón iarrainn uirrí agus méaracha amad agus chuirfeadh sí ruaig ar na préacháin.
    Freagra = Gunna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aignéis Ní Chuinneagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cillín a Díoma Thiar, Co. na Gaillimhe