Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Croithín

Scag na scéalta

Siar
/ 0041 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Loch Béal Sraith

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá Loch Béal Sraith suidhte suas sa sléibhte eidir dhá chnoc, timcheall leat bhealaigh eidir an sgoil seo agus Baile-Locha-Ríach, treasna na sléibhe. Tá an loch fada agus caol agus tá clocha mór thart air. Tá bláthanna móra, boga agus fiadháine ag fás ar taobh amháin de agus nuair a líonann an loch ritheann an t-uisge amach ar an dtaobh eile dhe.
Deireann cuid de na daoine go bhfacadar ainmhidhe mór sa loch úair amháin nuair a bhíodar ag snámh. Chualaidh mé nach ndeachaidh duine ar bith ag snámh ann ó shoin mar go raibh faitchíos orra. Chualaidh mé freisin gur chuir duine éigin Cóiste Bodhar suas go dtí an áit sin ón caisleán atá í gClochan. Tá sé ráidhte go raibh an Cóiste ag imtheacht ar an dtalamh mar píle olna. Tá sé ráidhte go raibh an loch sin taobh shuas go teach Fionnagáin ar dtús agus go raibh sé líonta lé bric, acht chuir sagart

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Seán Ó Muirighthe
Inscne
fireann
Seoladh
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Páraic Ó Muirighthe
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
52
Seoladh
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge
Suíomh
An Corrbhaile