Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Croithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh
  2. XML Leathanach 0036
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá eólas beag ag na sean daoine thart sa gceanntar seo ar oidhche na gaoithe móire. Thárla sí sa mbliadhain 1839 acht níl trácht ar an mí nó an lá. Bhí na daoine ag dúil leis an stoirm seo mar bhí néalta dearga sa spéir agus bhí an aimsir fuar agus gaothmhar.
    Ag tuitim na h-oidhche thosuigh an stoirim. Bhí an ghaoth ag séideadh go h-árd. Rinne an stoirim seo alán díoghbhála san áit. Leagadh go leór tigthe freisin. Leagadh trí tighthe i n-Íolartan. Briseadh na fuinneóga ionnta agus leagadh síos iad.
    Marbhuigheadh go leór stoc, agus na h-eallaigh a bhí ins na h-aibhneacha báitheadh iad, agus fuair siad bás leis an bhfuacht agus an t-anrógh. Na báid a bhí ag seól ar an bhfairrge, cuireadh ar straé iad, agus báitheadh na daoine agus briseadh na báid agus cuireadh síos go tón na fairrge iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Treasa Ní Mhaoláin
    Inscne
    Baineann