Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Corp Críost againn in onóir do Íosa Críost. Bíonn Lá Peadar agus Pól againn ar an fiche is naochadh lá de mí na Meitheamh. Bíonn Lá 'le Muire againn ar an cúig deágadh lá de mí Lughnasa. Téigheann na daoine go dtí na tobracha beannuighthe an lá sin. Bíonn Oidhche Shamhna, agus Lá Shamhna againn ar an gcéad lá de mí na Shamhna. Bíonn spórt mór ag na páistí óga an oidhche sin. Deirtear go mbíonn na sigheóga amuch an oidhche sin. Ar Oidhche Nodlag rugadh ár Slánuightheór i mBeitil.Bíonn féasta mór ag na daoine an tháth sin. Tugtar Lá 'le Stiophán ar an lá i ndhiadh Lá Nodglag. Bíonn na buachaillí ag dul thart leis an ndreóilín agus bíonn rann aca:Dreóilín, Dreóilín, rí na n-éan,
Lá 'le Stiophán do chapadh é,
Is mór é a mhuirighin,
Is beag é féin
Is dá bhfuighinn airgead,
Damseóchainn é. Máire Ní Mheachair a sgríobh. Eolas seo ag na daoine go léir
S O'C- Bailitheoir
- Máire Ní Mheachair
- Inscne
- Baineann