Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Croithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh
  2. XML Leathanach 0009
  3. XML “Gránna (i mBéarla Granna)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is baile beag Gránna atá leath bhealaig idir Ardrachán agus Caisleán Uí Dhálaigh. Níl aoinne cinnte cén fáth ar tugadh Gránna ar an m-baile seo. Síleann siad gurab é an fáth mar bhí fathach ina chómnuidhe san áit fadó. Ta dhá chnoc i n-Gránna agus tugtar "Túagh Mór" ar an gceann atá i dtalamh muintir Fathaigh anois. Tá ceann eile i dtalamh muintir Dúbhlaigh agus tugtar " Túagh Beag" air. Tá ceanna aca ar taobh do láimhe dheise agus an ceann eile ar an dtaobh eile den bhóthar. Tá sé ráidhte gurab é an fathach a thóg an dá chnoc sin.
    Tugadh Gránna ar an mbaile roimh aimsir na Lochlánnach in Éirinn. Tá cnoc mór taobh shiar agus tá go leor cloch thart ann agus deirtear gur b'é sin an teach a bhí ag an bhfathach. Tá áit ar an gcloich agus tá scríobhta ar an gcloich "Giants Grave".
    Faoi bhun an chnuic atá i dtalamh muintir Fathaigh tháinig poll
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Ghreanach, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhaoláin
    Inscne
    Baineann