School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0317
- XML “Rann Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ní raghadh an gabhairín abhaile chun a leigint dom mo smeura dubha deasa a d'ithe."
"Ní bhuailfidh mé" ars' an bata.
4
Chonnaic sí teine:
"A theine! a theine! dóigh an bata mar ní bhuailfeadh an bata an madra 7rl."
Ní dhóighfidh mé" ars' an teine.
5
Chonnaic sí buicéad uisge agus dubhairt sí
"A uisge! a uisge! múch an teine, mar ní dhóighfadh an teine an bata 7rl.
"Ní mhúcfaidh mé" ars' an t-uisge.
6
Chonnaic sí bullán agus dubhairt sí:
"A bhulláin a bhulláin! ól an t-uisge, mar ní mhúcfadh an t-uisge an teine agus ní dhóighfeadh an teine an bata 7rl."
"Ní ólfaidh mé" ars' an bullán.(continues on next page)