Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Laochra ón gCeantar

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Fadó bhí alán fear gaisgideach i n-Éirinn agus tagann Gaillimh fé le na fir gaisgidighe. Bhí fear in a comhnuidhe i n-áit darbh ainm Cíllína timcheall trí mhíle ó Cinn Mhara. Fear láidir a bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag troid. Uair amháin bhí teach cleasuigheachta i n-áit i gCo an Chláir agus chuaidh an fear seo darbh ainm Pádraic goint go dtí é agus bhí fear ann a bhí ag troid agus tuibhrfaidís cúig púnt do'n duine a bfuighfeadh an troid. Thosuigheadar ag troid agus fuair Pádraigh an bhuaidh agus fuair sé cúig púnt.

Bhí fear eile in a chomhnuidhe i n-áit darbh ainm Tírin Aoibhinn agus bhiodh sé i gcomhnuidhe ag rith ráiseanna. Donnchad Chinnéidigh a bhí mar ainm air agus bhí an bhuaidh aige le rás a fuair sé i gCinn Mhara. Dubairt na daoine gurbh é an fear is tapamhla chun ráis a rith i gCo na Gaillimhe. Trí mhíle an fhaid agus rith sé é 120 nóiméad agus léim sé léim a bhí sé troigh ar áirde. Bhí fear darbh ainm Pádraigh Ó n-Allmhuráin in a gcomhnuidhe i gCartrún agus bhí snámh ana mhaith aige. Do

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Úna Ní Mhoráin
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Parthaláin Ó Mhoráin
Inscne
fireann
Aois
70
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge