Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Comhartaí na nAimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá triochad is dhó conndae i n-Éirinn agus tá alán bailte beaga ann agus níl ceann aca nach raibh droch-aimsear nó storm aca. Tá alán comharthaí na h-aimsire ag na sean-daoine i gCinn Mhara agus seo cuplá ceann anois.

Bíonn droch-aimsear againn nuair a téigheann an ghrian síos go h-án dearg. Bíonn báisteach ann nuair a bhíonn na scamaill dubh dórchá. Nuair a chíonn tú píosa beag tur-ceatha ar maidin os cionn an t-sléibhe bíonn droch-aimsear ann. Bíonn storm againn nuair a bhíonn an fhairrge ró árd. Nuair a shéideann an gaoth adhthuaith aniar agus adhthuaith bíonn sneachta againn. Tugann an ghaoth ó dheas an cuid is mó báisthighe dhúinn.
Bíonn na h-éanlaithe ag sgreadhad agus ag eitilt annseo is annsúd nuair a bhíonn an bháisteach ag teacht. Nuair a shuidheann an cath cois na teineadh agus a dhruim leis bíonn storm ag teacht agus nuair a bhíonn sé ag sgriobadh admaidh. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir bíonn an bháisteach ag teacht

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Úna Ní Móráin
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Parthaláin Ó Mhóráin
Inscne
fireann
Aois
70
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge