Ní raibh aon dochtúirí sa gceanntar fadó agus nauir tháinig galar ar duine bhí air leigheas d'fhághail dó féin. Is le luibheanna áirighthe a dheineadar galar a leighsiú sa t-sean-aimsir. Is amhlaidh a dheineadar luibheanna a mheasgadh le na chéile. Núair tháinig tinneas fíachail ar dhuine sé rud a rinne sé ná frog a mharbhú agus a chos a chur isteach in a bhéal. D'fhág sé an frog in a bhéal ar feadh leath-uaire agus núair thóg sé an cos amach bhí an tinneas fíachail imthighthe. Nuair a bhí craos-galar ar duine, sé rud a rinne sé ná a stoca a cheangal thar timcheall a mhuinéil ag dul a chodhladh dhó. Núair a dhúisigh sé ar maidin bhí air é féin a nigheadh le h-uisge beirbhighthe agus tar éis sin bhí an galar imthighthe. Núair bhí triuch ag duine sé rud a rinne sé ná bíadh a bhí fágtha tar éis firéid d'fhághail agus é d'ithe. Bhí an triuch imthighthe l'ar na bhárach. Cúpla míle
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »