Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Déantús sa gCeantar

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí a lán déantús ar siubhal timcheall conndae na Gaillimhe fadó. Do deineadh á lán nidhthe i gCinn Mhara atá suidhte i gConndae na Gaillimhe. Seo cuid de na deantúisí á bhí déanta i gCinn Mhara fadó. Coinnlí an t-ainm a bhí ortha.
Sé an céad rud a fuaireadar ná píosa lín-éadaigh. Fuaireadar saill annsin agus leághdar é ar ghreideal. Dheineadar an píosa lín-éadaigh a thomadh ins an saill agus bhí coinneal ar a dtugadh páideóg déanta acú. D'fhág siad an pháideog súas in áit fúair go raibh sé crúaidh. Bhíodar indhan na coinnlí a dhéanamh cómh reamhar is badh mhaith leó.
Nuair bhí an pháideóg fúar lasadar é. Ba bhreágh an solus a bhí úaidh an chéad uair ach bhí sé ag leaghadh níos tapúla ná coinnlí an lae indhiú. Siad na páideóga na h-ádhbhair soluis ba mó bhí ag muinntear conndae na Gaillimhe fadó.
Dheineadar mórán airgid

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Uí Laoghaire
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádhraig Ó Laoghaire
Inscne
fireann
Aois
70
Gairm bheatha
oibrí
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge