Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Longbhriseadh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cúpla blíadhna ó shoin bhí báthadh mór in áit ar á dtugtar "Páirc Mór". Í ngar dom' bhaile féin. Seó é an caoí ar á thárla sé.


Is amhlaidh á chúaidh plód mór daoine amach í luing. Tráthnóna ciúin do bhí ann ag dul amach dóibh. Is amhlaidh á bhí an báthadh indhan dóibh.
Amach leó go h-aerach. Is go Gaillimh á bhí á dtríall. Ní rabhadar acht ceathramhadh de'n t-slighe amach núair d'eirigh stoirm mhór. Bhí an stoirm ag séideadh níos tréine gach nóiméad agus b'e deireadh an sgéil é thosuigh an long ag dul síos. Tháinigh eagla an domhain ar á raibh ins an luing. Thosuigheadar ag glaodhach ar chabhar acht ní raibh aon duine í ngar dóibh. Bhí snámh ag fó-dhuine agus tháinig á raibh indhan snámh saor. An méid á bhí fágtha ins an luing báthadh íád. Do shnámh na daoine á tháinigh saor go dtí an dtráigh agus bhí áthas an domhain ortha. Bhíodar ag guidhe chun Dé ag tabhairt buidheacas Dó chun íád á shábháil.
Cúpla oidhche sar á tharla an báthadh sin bhí daoine múinnteardha na ndaoine

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Uí Laoghaire
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Padhraig Ó Laoghaire
Inscne
fireann
Aois
70
Gairm bheatha
oibrí
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge