Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Scoileanna Cois Claí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá sgoileanna claidhe le feiscint í n-gach áit ar fúaid na h-Éireann thoir, thíar, ó thúaidh, agus ó dheas. Tá sin le rádh ag Cinn Mhara mar in áir ar á nglaodhtar " Cinn Tor Loch" air timcheall trí míle ó Cinn Mhara bhí sgoil cois claidhe ann fadó.

Is í mbothán bheag á bhí an sgoil. Sé duine darbh ainm dó Donnchadh Ó Bhrían á bghí ag múineadh ins an sgoil claidhe sin. Ba o'n Fhrainnch á tháinig sé. Bhí an muinnteóir ag cur fé í dteach feirmeóra a bhí in aice leis an áit. Bhí áthas ar an bhfeirmeóir bíadh agus leabaidh á thabhairt do'n múinteóir.
Sé aon pínghin an lá an méid airgid á bhí ar na sgoláirí a d'ioch. Ní raibh cead ag na sgoláirí gaedhealg á labhairt. Ní raibh aon gaedhealg cor ar bith ag an maighistear ach an oiread. Do rinne gach páisde á dhúbhach féin de sméartha dubha. Do ghearradhar á bpinn féin ó cleití gé. Do shuidheadh na páisdí ar stóil agus shuidheadh an maighistear ar an stól árd. Ní rabh aon clár dubh acú. Níor fhan an maighistear ach mí ins an áit.

Máire Uí Laoghaire
Cinn Mhara

Pádhraig Ó Laoghaire (70 bl)

Bailitheoir
Máire Uí Laoghaire
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádhraig Ó Laoghaire
Inscne
fireann
Aois
70
Gairm bheatha
oibrí
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge