Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Rud Luachmhar i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Rud luachmar i bfolach

Aon uair amháin bhí fear in a chomhnuidhe i ngleann gort an Airgid. Fear bocht do bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhail. Lá amháin chuaidh sé amach ag siubhail. Bhí báta mór aig[e] agus bhí air dul treasna páirce in a raibh carraigeacha móra. Nuair a bhí sé i lár na páirc[e] chonnaic sé fírin beag bídeach. Labhair sé leis go cneasta ag dubhairt "Tá pota óir i bfolach fá cran[n] in do gháirdín féin" gabh an fear buidheachas leis agus d'imthigh an fear beag bideach as a radhar[c]
D'imthigh an fear ag siubhail agus níorbh' fhada go dtáinig sé abhaile. Rug sé ar rán agus amach le[is] go dtí an crann. Thosuigh sé ag tocailt go tapaidh. Níorbh' fhada é ag tocailt no go bhfacha sé pota mór cruinn. Thóg sé anuas é agus thosuigh sé ghá oscailt. Bhí sé lán de ór agus bhí luach de £100,000 ann. Bhí áthas mór ar an bhfear agus chuaidh sé go dtí a cholceathar. D' innis sé an sgéal dhó ó bhun go fraoigh. Dubhairt an colcheatar gur duine de na lachlannaibh a chur i bfolach ann é mílte blian ó shóin. Dubhairt sé leis gur bhain an t-ór le na sidhéogaibh. D' innis sé dhó gur chuala sé an bheansighe ag gol cupla oidhche roimhe sin[.] D' innis sé dhó freisin go bhfaca sé ganndal mór ag siubhal anonn is anall thar an chrann in a raibh an t[-ór.]

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáitlin Ní Fallamhain
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Padraigh Ó Laoghaire
Inscne
fireann
Aois
70
Gairm bheatha
oibrí
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge