Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Rud Luachmhar í bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Rud Lúachmhar í Bfolach

Is beag áit ar fúaid na h- Eireann nach bhfhuil rud eigin lúachmhar í bhfholach ann. Tá sin le rádh ag baile Cinn Mhara cómh maith mar deirtear go bhfhuil rud lúachmhar í bhfholach timcheall ceithre míle ó Gort Inse Gúaire. "Cathair Glúais Ann" atá mar ainm ar an áit.
Deirtear gur duine de shaighdiúraibh Cromail á chuir í bhfholach ann é. Ins an t- sean aimsir bhí an oiread sin airgid ag na daoinibh nach raibh fhios acú cad á dhéanamh leis. Mar áit mhaith chuireadar í bhfholach fe'n dtalamh é. 'Sé an fáth á chuireadar í bhfholach é mar bhí claidhrí ag dul thart timcheall na tíre ag goid an airgid uatha.
Deirtear gur pota óir atá í bhfholach ins an áit. Oidhche amáin bhí fear ag teacht abhaile tar éis bheith ar aonach í nGort Inse Gúaire. Bhí sé meidhreach go leór mar bhí braon beag ólta aige. Ar á shlighe abhaile bhí air dul trasna na páirce in á raibh an t- ór í bhfholach ann. Núair thánaig sé comh fada leis an áit in á raibh an t- ór í bhfholach chúala sé coiscéim ar á chúl. D'feach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Uí Laoghaire
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Padruigh Ó Laoghaire
Inscne
fireann
Aois
70
Gairm bheatha
oibrí
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge