Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgéal ghreannhmhar
Ins an t-sean am bhí easgaire bocht in á chómhnuidhe í gConndae Dúin na nGall. Fear ana-bhocht do bhí ann. Bhí mach amháin aige.
Oidhche amháin núair do bhí an t-iasgaire agus á bhean is á mhac in á suidhe cois na teineadh thánaigh bean- súibhail isteach. D'iarr sí lóisdín na h-oidhche ortha. Fúair sí an lóisdín uatha. Ar mhaidin la'r na mhárach núair do bhí an bhean ag imtheacht labhair sí le fear an tighe agus ar sí "A Shéamus, an Oidhche Shamhna seo chughainn fáigh seamróg na gceithre nduille agus cuir fá do chéann é núair á bheidh tú ag dul a chodhladh. Beidh taidhbhreamh agat agus beidh an taidhbhreamh sin í dtaobh an óir atá í bhfholach timcheall na h- áite so." Bhí muintear an tighe ana- bhuidheach dí.
An tráthnóna roimh Oidhche Shamhna bhí Séamus amuigh ar lorg na seamróige. Fúair sé í ar bharr charraige mhóire. Thug sé abhaile í agus an oidhche sin bhí taidhbhreamh aige. Bhí an taidhbhreamh í dtaobh seacht bpotaí óir curtha fá crann in á pháirch féin. Nuair thánaigh Oidhche Nodhlag d'imtigh Séamus agus á mhach ar lorg an óir. Nuair shroiseadar an chrann eógadar amach leach. Líonadar mála leis an ór. Ar chasadh na lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe