Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)

Suíomh:
Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire C. Ní Ghríobhtha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne (Killina)
  2. XML Leathanach 0157
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bíongantach an phearsain é Colmán ó bhí sé in-a leanbh agus ba leir go mbeadh sé in-a fhear cráibhtheach nuair o’ fhásfadh sé suas. Tharla dhá mhiorbhailtí ag a bhaisteadh. Ar dtús ní raibh aon uisge le fághail chun an leinbhe a bhaisteadh, ach bhí bacach agus dall i láthair, agus rinne ceann aca cómhartha na Croise ar charraig a bhí ann agus ar an bpointe phreabh tobar íor-uisge suad agus baisteadh an leanbh ann.
    Annsin nigh an bacach a chos le h-uisge an tobair bheannuighthe, agus nigh an dall a shúile leis agus fuair an beirt leigheas. Tá cuid mhaith tobar beannuighthe ar fuid na háite agus glaoidhtear le h-ainm an naoimh iad.
    Tá paidir an naoimh ag na sean-daoine mar seo:- Deirid ‘‘Glóire do Dhia, do Phádraig, agus do Mhic Duaich.’’
    Cuireadh Naomh Colmái san roilig ag Cill-Mhic-Duaich ar dtús, ach bliadhanta in-a dhiaidh sin nuair bhí cath Eachdruim le bualadh tóg na Gaedhil cnámha leo chuig pairc an áit chun an tádh a thabhairt dóibh. Tar eis an chatha seo d’ath cuireadh é in Eachdruim mar a bhfuil a luaithre ag feitheamh le lá Deiridh an Domhain.
    Baistear leanbhaí d’ainm an naoimh sa cheantar fós, agus bíonn a lá Fhéile ina lá mór saoire i gCill-Mhic-Duaich agus ins na báiltí thart timcheall ar sin. Ní dhéanann na daoine aon obair an lá sin.
    Cáit Ní Rálf (15yrs.)
    8-11-37 (Cill Éinne)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Rálf
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    Cathair Chonnaidh, Co. na Gaillimhe