Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0098
- XML “Iascaireacht Scadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhá fheadh ó chéile ar an Druim (= rópa maith láidir in uachtar ar fad an líon)
Cheanglóchadh muid buaidheacha do'n druim. Ní leigfeadh siad-san an líon síos ach an fad ba mhaith linn.
Chaithfeadh muid na líonta amach annsin agus shínfeadh siad píosa breagh de'n bhfairrge.
Shuidhfeadh muid síos annsin ag caitheamh tobac is ag spóirt.
I gceann cúpla uair thairrneóchadh muid na líonta isteach sa mbáidín. Mara n-aireóchadh muid aon scadán ionnta d'athróchadh muid go h-áit eile. Dá mbeadh sé nó seacht de mhílte agam bheadh muid sásta an turas sin. Chonnaic mé 14,000 i mbáidín béal-fhoscailte (bád iomraimh) uair.
Níl meall ar bith chomh mór le meall scadán a déarfadh na sean daoine. Luigheann siad in íochtar agus ní chorruigheann siad nó go mbíonn sé 'na lag-mhara.
Ag conníodh an taoille tugeann an scadán uair uaidh ag dul thart. Tagann siad le chéile 'na meall arís agus déanann siad bealach amach go dtí an domhain.
Téigheann an meall ar aghaidh roimhe i gcomhnuidhe agus ní chasann sé ó rud ar bith. Níl aon chasadh ann. Má bhí an t-ádh ort(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- T. Ó Domhnallaín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe