Scoil: An Cheapach (uimhir rolla 14508)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh G. Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt seisean go bhfághfaidh sé na coin. Fuair. Chuir sé go Baile-Átha-Cliath in a gcoinne agus chomh luath is thangadar thosuigh ar an seilg. Ní raibh a leitheid d' seilg ann ariamh. Nuair d'eirigh an girrfiadh thug sí a h-aghaidh ar Cill-Chiaráin agus ar ais arís agus ní raibh na coin in ann tada a dhéanamh acht féachaint uirri acht go díreach sul ar tháinig siad go botháinín in a raibh sean-bhean in a' chomhnuidhe i Malaidh Árd d'éirigh le ceann de na madaidh breith ar a' chois dheiridh agus greim a bhaint aistí acht d'éirigh léi éalodh uaidh. An chéad amharc eile a thugadar ní girrfiadh a chonnaic siad acht sean-bhean criónna agus i gonta sa gcolpa. Ní rachadh na coin i ngar nó i ngoireacht dí acht chuaidh marcach amháin suas léithe agus chomh luath is chuaidh thuit a chapall marbh faoi.
"Seadh" a deir [?] an chailleach annsin "tá libh an babhta seo acht má tá ciall agaibh ní bhacfaidh sibh liom-sa a thuilleadh"
Chuaidh siad leó abhaile agus níor bhacadh leis an nGirrfiadh i Malaidh Árd as sin amach- Bailitheoir
- Seosamh G. Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Thormaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Tormaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe