Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Suil-Ribe
Píosa sneanga agus súil a chur ar a cheann agus an ceann eile a chur amach ann agus é a chur ar an bpoll a mbeadh an coinín ag codladh ann agus nuair a bheadh sé ag dul isteach ann chuirfeadh sé a cheann isteach agus ní fhéadfadh sé é a fhágáil nó go bhfuigheadh sé bás.
Cliabhán
Sé an chaoi a déantar cliabhán slatacha a fhágail agus iad a chur le na chéile agus píosa aráin a chur isteach faoi agus nuair a thagadh an t-éan isteach (fá'n) faoi agus nuair a bheadh sé ag ithe bhéarfaí air.
Trap a chur ins an áit a mbeadh an girrfiadha ag dul agus nuair a sheasfadh sé (amo) anuas ar an trap choinneóchadh an trap greim ar a chois nó go gcaillfidhe é. Lághaidhe agus píce agus bláthaí ag fhágail agus poll mór a dhéanamh ins an talamh agus ná bláthaí a leagán anonn is análl air agus nuair a bheadh an coinín a dul thar an bpoll thuitfeadh sé síos ins an bpoll agus mharbóchaidhe é.
Rópa mór a fhághail agus súil a chur ar cheann de agus cloch a chur ins a n tsúil agus rópa a chaitheamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig O Bhailís
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seansráid an Teampaill, Co. na Gaillimhe