Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh

Suíomh:
Gaillimh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
  2. XML Leathanach 0227
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luigheann sí go híseal, éirigheann sí go hárd caitheann sí bróga agus ní'l aon bhróga aice?
    Fr. Líathróid.
    Céard a fhásas síos?
    Fr. Ruball.
    Mo shean dheaide bocht agus a mhaide fá'n ucht agus é ag ól deoch i dtobar na (féiseóige) féasóige?
    Fr. an mun sop.
    Cé méid cos ar ocht muilt?
    Fr. Péire.
    Chaith mé suas é chómh geal le sgilling agus tháinic sé anuas chómh buidhe le gine?
    Fr. Ubh.
    Bairille ar an t-sráid agus dhá shubhail dúinte?
    Fr. Ubh.
    Tobairín fíor uisge i lár an bhaile, bolta iarainn agus postaí maide?
    Fr. ceag fuisge.
    Chomh bán (h-ard) le bainne, chómh hárd le balla, chómh milis le mil agus chómh dearg le fuil?
    Fr. ubhall.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge