Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh

Suíomh:
Gaillimh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
  2. XML Leathanach 0182
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí trúir chailíní i na gcomhnaidhe i dteach beag thiar an domhan thiar fadó. Bhíodh fathach ag goid gabáiste uatha agus chuaidh ceann aca amach an oidhche seo agus nuair a tháinic an fathach thug sé leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach thug sé cead dí dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Nuair a bhí sé bailighthe leis chuaidh se isteach ins an seomra ach nuair a thainic sé amach bhí a lámha lan le fuil. Nuiar a tháinic an fathach isteach mharbhuigh se í agus bhailigh sé leis siar go dtí an domhain thiar. Ní raibh sé i bhfad ins an ngáirdín nuair a tháinic ceann eile amach agus thug sé leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag sul amach dubhairt sé léithe dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Nuair a bhí sé imthighthe chuaidh sí isteach i ngach seomra agus nuair a tháinic sí amach bhí a cuid lámha lán le fuil. Nuair a tháinic an fathach isteach mharbhuigh sé í agus rith sé leis go dtí an domhan thiar. Nuair a bhí sé tamall annsin tháinic ceann eile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0311: Rescue by the Sister
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Bhailís
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seansráid an Teampaill, Co. na Gaillimhe