Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Leathanach 0172
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé i na chomhnuidhe i dteach beag é féin agus a mháthair. Bhíodh siad ag sníomh bréidín agus dhá dhíol. An lá seo bhí a mháthair tinn agus chuaidh sé féin dhá dhíol. An chéad fhear a bhuail air dubhairt sé leis go raibh an bréidín fluich "is fios dhuit" adeir an t-amadán agus chuaidh sé suas agus sgar sé ar an talamh é. Faoi cheann uair' a chluig chuaidh sé suas ach ní ghaca se an bréidín. Shíl sé gur imthighthe síos ins an talamh a bhí sé agus thosuigh sé ag cortú. Ní raibh sé i bhfad mar sin nó go bhfuair sé pota óir agus thug sé leis é. Thug sé dá mháthair e agus bhailigh leis arís go dtí an áit a bhfuair sé an t-ór.
Chonnaic sé fear eile san áit céadna rith sé agus bhuail sé ar chlár na báise é agus do mharbh sé é. Thug sé abhaile é agus chuir sé san urlár é. Chuaidh sé amach agus d'innis an sgéal do na gárdaí. Nuair a bhí sé imthighthe d'éirigh a mháthair agus sí dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Bhailis
- Inscne
- Fireann