Scoil: Cill a' Ghaimhrín (Killgevrin) (uimhir rolla 12002)
- Suíomh:
- Cill Ghoibhreann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsíos P. Ó Doláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)breac san am fadó rachadh na daoine thart timcheall na bailte ag caitheadh cabáiste ar na boithre.
Oidhche Nodhlag san am fadó deirigheadh na daoine ar a dóidheag a chlog agus teigheadh siad amach sa stabla cun na beithidhigh a cloisteáil ag cainnt agus deirtear go ndeachaidh siad ar a gluna in onóir do íosa críost.
Lá Fhéile Naomh Stiopáin rachadh na buachaillí thart timcheall na bailte leis an dreóilín agus ag iarraidh airgead seo é an sean rann a bheadh acu.
Dreoilín dreoilín rígh na n-éan.
Is mór é do muire is beag tú fhéin.- Bailitheoir
- Maire Ní Chraith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Ghoibhreann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Mac Craith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cill Ghoibhreann, Co. na Gaillimhe