Scoil: Cill a' Ghaimhrín (Killgevrin) (uimhir rolla 12002)

Suíomh:
Cill Ghoibhreann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsíos P. Ó Doláin

Scag na scéalta

Siar
/ 0456 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Seanfhocla

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí go leor sean-fhocla ag na sean-daoine san am fadó. Chuala mé cuid acu:-


Is fearr an sláinte ná na dainte
Aithnigheann ciaróg ciaróg eile
Ní théigeann cuileóg isteach san mbéal a bhíos dúnta
Ceard a deanfadh cut acht luch a mharbhadh
Aithnigheann an gadhuidhe an fear fairneasach
Is féarr an ócras ná an uaigneas
Is féarr bocht nó nocht
Ní hé lá na gaoithe lá na sgoilbh
Is féarr éin in do lamh na beirt sa toirt(?)
Tús maith leath na h-oibre
Bíonn gach tosnú lag
Is fearr ceart na neart
Is fearr focal sa cuairt ná púnt sa sparan
Is fearr lubhad ná brisead

Brighid Ní Chinnéide
Toamaol
Stióphain Mac Chinnéide a innis dom

Bailitheoir
Brighid Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Stiophain Mach Chinnéide
Inscne
fireann
Aois
56
Teanga
Gaeilge