Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gan maise agus b'fhéidir gurab sin é an chaoi a bheadh i ndhán dí le deagh-chruth agus deise a chur innti."
Chuaidh sé isteach agus thug amach a bhean agus buail sé buille casúir uirri gur leag marbh í. Sháith isteach sa teine í agus tharraing amach gur buail cúple [!] buille casúir uirri acht níor tháinig deagh-chruth ná maise di acht bhí sí chomh marbh le cloch. "Muise mo seacht míle mallacht duitse, a fhirín bhig ghuirm" ar seisean. B'éigean dó glanadh as an áit agus an tír fhágáil mar bhí saighdúiri ar a thóir.
Bhí sé ag siúbhal is ag siubhal is ag siubhal Lá amháin cé d'fheicfeadh sé ar thaoibh chnocainín bhig acht an feairín beag gorm. Bhagair an gabha a láimh leis. "Diúltuighim duitse a firín bhig ghuirm" ar seisean leis "ó's tú a d'fhág an seachrán orm." Tháinig an feairín beag gorm í leith chuige. "Ná diúltuigh dom," ars'an feairín leis. "Ceal nach rabhais tuirseach de'n phraisigh mná sin mar thug tú uirrí go minic agus bhí sise tuirseach díotsa? tá sibh cothrom anois"
"An bhfuil?" ars an gabha. "Tabhair dhom uait anois" ars an feairín leis, "agus deanfaidh mise fear saidhbhir díot. Tá inghean an Rí tinn agus dochtúirí na cruinne thart uirrí agus gan a leigheas le faghail aca acht leigheasfaidh mise í agus tiocfaidh tusa liom." Siubhiladar le chéile go dtáinig síad go teach an Righ. Bhuail síad ar an doras agus leigeadh isteach iad. Fiafruigheadh diobhtha céard a thug annsin iad agus dubhairt an feairín beag gorm go dtáinig síad annsin le inghean an Rí do leigheas.
Cuireadh fios ar an Righ. D'fhiafruigh an Rí dé céard a thug annsin é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. O Díscín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micheál Halliday
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dealgain, Co. na Gaillimhe