Scoil: Crois-Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois-Bhóthar
  2. XML Leathanach 0343
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí fear ann arbh ainm dó Páidín Ó Mogáin. Athair do Shéamus Ó Mogáin - atá in a shean-fhear anois - do b'eadh é. Bhí
    sé in a chomhnuidhe i gCluain Caoilbhigh. Deirtí gur sórt sideóige abhí ann, mar uair amháin d'imthigh na 'daoine maithe' go Sligeach ag robáil tighe-ghrúduighthe agus d'imthigh seisen leó. Cheap se gur ar chapall rása abhí sé ag marcuigheacht nó gur shroich sé an áit 'na bhfuil an muilleann ag Pat Lynch anois. Chonnaic sé annsin gur ag chéacht ádhmaid abhí sé ag marcuigheacht agus dubhairt sé "M'anam ó'n diabhal, droch-rath ar mo shean-mhaide béam".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe