Scoil: Crois-Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois-Bhóthar
  2. XML Leathanach 0334
  3. XML “Seanchas Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuireadh athair Micheíl Brennan arsa sheilbh san mbliadhain 1798. Tar éis a bháis pósadh Miceál, acht ní raibh aon áit aige chun a bhrídeach a thabhairt chuige. Do bhí sé in a thaoiseach san Arm "The United Irishmen" agus tháinig a chomrádaí le chéile agaus do thóg siad teach dhó. Tháinigeadar aon lá amháin le chéile chun é a dhéanamh ar an teorainn idir dhá phíosa talmhan. Bhí triur fir ag Togáil an tighe sin agus ba iad a n-ainmneacha ná 'Morning, "Noone' and "Knight" and dubhairt na fir oibre eile go raibheadar ag obair le morning, noon, and night. Tá an teach in a seasamh fós agus tá síolraí Michéil in a gcomhnaidh innti go dtí an lá atá ann indiu. Tá an teach suidhte in aice le Balla i gCondae Mhuigheó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Phleamonn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tuaim, Co. na Gaillimhe