Scoil: Crois-Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois-Bhóthar
  2. XML Leathanach 0319
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair abhí ár Slánuightheoir, a Mháthair agus Naomh Seósamh ag dul thart timcheall na tíre lá, chaill an Mháthair Bheannuighthe an biorán abhí ar a cóta. Tháinig siad annsin to dtí gabha agus d'iarr an Mháthair air biorán a dhéanamh dí. Thóg an gabha píosa airgid amach as a phóca agus rinne sé an biorán b'áilne dá bhfaca tú ariamh agus thug sé dí é. Thug sí a beannacht dó, agus deirtear nach bhfuil sé ceart rud ar bith a thógáil as ceárdhcain ó shoin.
    Seo sgéal eile: -
    Nuair a bhí Íosa le bheith céasta ní raibh aon tairnghní ag na Giúdaigh agus d'iarr siad ar ghabhainn iad a dhéanamh dóibh acht ní dhearnaidh sé iad dóibh.
    Annsin d'iarr siad ar thincéir iad a dhéanamh dóibh agus dorinne. Sin é an fáth go bhfuil na tincéaraí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Ciaragáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe