Scoil: Crois-Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois-Bhóthar
- XML Leathanach 0305
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)7. Sé an mí-ádh ort bean ruadh a casadh ort ar an mbóthar.
8. Nuair a bhíos an teine gorm, sin comhartha fearthainne.
9. Ma thagan duine isteach i do theach agus tú ag déanamh maistreadh, ba cheart dó congnamh a thabhairt duit ag an obair sin sul a theigheas sé amach arís.
10. Ná tabhair rud as an teach do dhuine eile fhaid is a bhíos maistreadh dhá déanamh le faithcíos go dtiubhradh sé an t-im leis.
11. Níl sé ceart bainne a thubhairt do dhuine ar bith an chéad lá de Bhealtaine.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Laighin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe