Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0254
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'itheadh na daoine na "tea leaves" agus chaitheadh siad amach an tae.
Fuair mé an t-eolas seo ó mo shean-athair - Micheal Ó Lurgáin - atá 75 bl. d'aois agus é in a chomhnuidhe in ár dteach-sa i
gCluain Caoilbhigh, 4 míle ar an taobh thuaidh de bhaile mhór Thuama, i gCo. na Gaillimhe. - D'itheadh daoine na sean-aimsire trí béilí sa ló. Bhíodh siad ag obair dhá uair roimh an chéad béile ar maidin.
Ag an mbricfeasta d'itheadh siad leite agus bainne; ag an dinnéar bhíodh fataí, salann, bláthach agus uaireannta leite; agus ag an suipéar fataí nó leite.
Ar feadh an lae, dhéanadh na mná arán coire agus cuirtí é i mála in aice na teine - é gearrtha i bpíosai agus an t-ainm "colpai" ortha sin. San oidhche, gach duine ar a mbíodh ocras, theigheadh sé go dtí an mála agus d'itheadh se "colpa".
Bhíodh scib (sórt ciseáin) fágtha ar phota mór i lár an tighe, agus an líon tighe in a suidhe thart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Lorcáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann