Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0209
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na cluichí a n-imrigheann mé ná "Na Gadaidhe," Geataí Móra," "Hide and Seek," agus "Frog in the Pan."
Sé an chaoi a ndéanann mé "Na gadaidhe ná bíonn cúpla cailíní eile in éindigh liom agus teigheann mise agus cailín amháin ar leath-taobh agus toghaimíd dhá rud agus iarraimíd ar na cailíní eile ciacu den dhá rud sin is fearr leo. Nuair a bhíonn sé sin déanta againn roineann cailín amháín muid in dhá leith agus tosuigheann muid annsin ag tarraingt le n-ár ndícheall go dtuiteann dream eicínt. Bíonn an bhuaidh ag an dream eile agus tosuigheann siad ag bualadh bos.
Se an chaoi a n-imrighim na "Geataí Móra" ná cruinnighim mo chompánaigh le chéile i bhfáinne agus teigheann mise thart ag leigint orm gur madadh a bhíos ann. Annsin cuireann na páirtí eile a láma thuas agus bíonn siad ag rádh "Geataí Móra, Geataí Arda, agus
mar sin de.
Seo cluiche eile a n-imrigheann mé ná "Luarabog, lárabog." Sé an chaoi a ndéanann mé é ná gheibheann me mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe