Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'innis mo mháthair, Úna bean Uí Laighin, atá in a comhnuidhe i gCluain Caoilbhigh, trí míle ar a taobh thuaidh de Thuaim fá na liosanna seo dhom.
Tá cúpla liosanna agus rathanna i gceanntar na scoile seo. Ta lios i bpáirc m'athar agus an t-ainm "An Liosín" air. Tá sé cruinn agus árd. Tá crainnte ag fás air.
Tá ceann eile i bhfeilm Uí Loinsgig. Tá poll mór ann agus tá crainnte móra ag fás thart timcheall air. Tá clocha móra agus clocha beaga thíos ins an bpoll. Tá sé i lár páirce in aice le coill. Chuaidh caora agus gé isteach ann uair amháin ach níor tháinig siad amach ariamh.
Bhí lios i bpáirc Creag uair amháin ach níl ann anois ach cnuicín beag tá go leor cloch beaga ann. Tá sé treabhtha anois.- Bailitheoir
- Nóra Ní Laighin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Úna Bean Uí Laighin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe