Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0181
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Glaodhann lucht siubhail ar mo theach acht go fior-annamh. Siad na daoine céadhna a thagas i gcomhnuidhe, "Pat The Rover", Conghnamh De," "An Saighdiúir" agus "Dinny Ward." Tugtar "Sunday Tom" ar "Pat The Rover" in áiteacha. Tagann fear eile arbh ainm do "buidéal." Ní bhíonn "Pat the Rover" ag diol rud ar bith acht iarann sé pinghinn nó dhó ar dhaoine le conghnamh a thabhairt dó lóistín a ioc. Muna mbíonn sin ag na daoine tugann siad uibheacha dó.Ceaptar go bhfuil "Conghnamh Dé" caillte. Uibheacha is mó a bhíodh ag teastáil uaidh agus nuair a thagadh sé isteach am dhinnéir d'itheadh sé a dhinnéar san teach sin. Sé seo an fáth a tugadh an leas-ainm air. Nuair a d'iarradh sé rud ar dhuine agus gan é bheith acú deireadh sé "le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe