School: Crois Bhóthar

Location:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois Bhóthar
  2. XML Page 0149
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mo shean-mháthair atá 85 bliadhna d'aois anois agus atá in a comhnuidhe i gCluain Caoilbhigh, 5 míle ar an taobh thiar-thuaidh de
    Thuaim, a d'innis iad seo a leanas dom.
    Bhí ceann amháin de na sean-sgoileanna ag Cnoch na Sliabh, leath-bhealaigh idir an áit seo agus Dún Mór timcheall is 70 bliadhain ó shoin. Sé an sórt sgoile do bhíodh aca ná sgioból mór agus ní bhíodh aon dían uirthe ar cor ar bith. Thug fear darbh ainm Pádhraic Phleimin an sgioból dóibh mar bhí a chlann le dul ar sgoil. Sé an t-ainm do bhí ar an múinteóir ná Máire Ní Bhraonáin agus thagadh na páistí 7 nó 8 míle chuig an sgoil. Seo iad an sórt leabhra do bhíodh aca-: An Premer ar dtús, agus annsin leabhar eile agus an t-ainm "Reading Made Easy" air, nó "Ready ma Daisy" mar a deireadh na daoine, agus an té nach mbíodh indon é sin a leigheamh bhíodh na sgoláirí eile ag gairidhe faoi agus chuireadh an múinteóir an t-ainm "Dunce" air nó uirthe. Nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Núthail
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe