School: Crois Bhóthar
- Location:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0137
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair mé an t-eolas seo a leanas ó m'aunt, an bhean Uí Neachtain, atá in a comhnuidhe i gCaisleán na Coille, 4 míle ar an taobh thuaidh de Thuaim.
Ní leigeadh duine ar bith isteach i dteach an lánamhna tar éis an pósadh roiumh an mbrídeach agus an fear nua-phósta. Bhíodh cáca mór de mhin-choirce déanta ag cócaire an tighe agus nuair a bhíodh an Bhrídeach ag teacht isteach, do bhí uirthe dul ar a glúnaibh. Briseadh an cáca ar a ceann annsin.
Thagadh an cúpla óg abhaile ag marcuidheacht ar chapall. Bhí diallaid árd ar an gcapall. Déanta de thuighe, cosamhail le cathaoir, sin é an caoí a bfearr ag na daoine onóir mhór a thabhairt do'n Bhrídeach. Nuair a bhíodh na daoine ag teacht ó'n t-séipéal do bhíodh mór-shiubhal ann. Do bhíodh na daoine ag siubhal agus Iasraigh déanta de thuighe fáda(continues on next page)- Collector
- Séamus Phléamonn
- Gender
- Male
- Address
- Tuaim, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Bean Uí Neachtain
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- Tuaim, Co. na Gaillimhe