Scoil: Crois Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois Bhóthar
  2. XML Leathanach 0134
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tugadh dhóibh ná bó agus leabaidh clúmh. Seo é an chaoi abhí na lanamhain gléasta an cailín caipín bán lása agus clóca mór gorm agus bróga árda agus bhí an pisróg seo aca that she shoudl wear:-
    Something old, and something new,
    Something borrowed, and something blue."
    Chaitheadh an fear casóg dubh, hata árd, bríste glún, stocaí fada agus bróga ísle. Ag marcuigheacht ar chapallaibh a chuaidh siad go dtí an séipéal agus a thainig abhaile. Ag teacht abhaile dhóibh bhí na capaill ag rás.
    Nuair a shroich na lanamhain teach an fhir bhí bean pósta ag an doras agus arán coirce aici agus chuaidh an bheirt aca ar a nglúnaibh ar an doras agus bhris an bhean an cáca ar a gceann. Cuireadh failte rómpa agus bhí fataí, cabáiste is feoil bruithte dóibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Seosaimhín Ní Chiaragáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe