Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0132
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ná Dia Luain, Dia Céadaoin, agus Dia Domhnaigh; agus siad na laetheannta rathmhaire ná Dia Máirt, Diardaoin, agus Dia h-Aoine. 'Siad na míosa is rathmhaire ná Meitheamh, Samhain agus Nodlaig. Dhá lá tar éis láe Fhéile Stiopáin, ní ceart d'aoinne dhul ar pósadh. Sé
an sórt spré a tugtaí do'n lánamhain nuair a bhidís ag déanamh an chleamhnais ná 2 beithidhigh, 2 caoirigh agus an cuid eile in
airgead, mar cheap siad go raibh sé rathmhar.
Ní raibh aon chóisre acu acht capall agus bhíodh an lánamhain thuas ar mhullach an chapaill agus sé an t-ainm a tugtaoi ar sin ná "chúlogaí" agus bhíodh naoi gcinn aca ann seachas an lánamhain. Nuair a bhíodh an pósadh lé teacht abhaile thaghadh cúpla buachaillí le chéile agus chuireadh siad sean-éadaigh orra féin agus annsin chuireadh siad rópanna déanta de thuighe thart timcheall orra agus nuair a bhíodh na "cúlógaí" ag teacht gheibhidís tuighe agus lastaí é annsin agus cuirtí thuas san aer é agus uaireannta bhíodh fáilte rómpa agus uaireannta eile ní bhíodh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe