Scoil: Crois Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan

Scag na scéalta

Siar
/ 0265 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Crois Bhóthar | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

deas agus sin é an rud do lasadh siad ar feadh na h-oidhche. Lasadh siad leath-sgór nó mar sin gach oidhche.

Dhéanadh siad lámhógaí ar adhmad, sin sórt soithigh cosamhail le buicéad anois, le uisge a thabhairt abhaile ó’n tobar. Bhí lámh amháin ag gobadh anuas ar, agus cuireadh siad a lámh isteach ann ag dul chuig an tobar ach nuair bhidír ag teacht ar air d’iompuipeadh siad ar bárr a gceann é.
Tá pláta déanta d’adhmad againn sa mbaile – ceann a ndearna sean-athair m’athar – agus tá sé tuairim céad go leith bliadhna d’aois.
Dhéanadh siad ciseáin agus scibeanna agus déanann mo shean-athair atá 87 bliadhna d’aois iad sin fós.