Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtús agus annsin cuirtí gaoth isteach sa nguna, agus an dara "pilléar". Níor mhór an pilléar deirid achur isteach gan an ghaoth a leigean amach, agus é bhrúghadh leis an "mull". D|héanfadh an guna pléasg mór annsin. Bhíodh Cliabhán Éanaca ann freisin le lundubh nó smólac a ghabhail. Bhíodh an Cliabhán Éanacha deanta de shlata truim Cuirtí síos an cliabhan mar seo. Saithte slata bheag isteach faoí, cuirtí gabhlóg 'na seasamh suas le éadán an chliabháin - agus cuirtí slaitín beag eile isteach sa ngabhlóig. An "t-Slaitín Bhradac" Bhíodh mar ainm ar an t-slait a bhíodh fén gcliabhán. Cuirtí coirce nó blúirín arain isteach san gcliabhán. Mair thagadh éan le n-a phiocadh chaitheadh sé seasamh ar an t-slait a bhíod fe'n gcliabhán. Thuitheadh an cliabhán éanacha anuas annsin agus bhíodh an t-éan faoí. Nuair bheadh an buacaill ag tógáil an éin, níor mhór dhó an ghabhlóg a Bhríghadh anuas air fhad is bheadh sé ag ardúghadh an cliabháin le breith ar an éan.
- Bailitheoir
- P. Pléimeann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe