Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort na Léime
- XML Leathanach 0319
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go mbféidir nac raibh aon cíos ar fad ag na daoine bochta ar an mbaile, agus thug Padraigh sgéalta na dtaobh chuig Caitlín.Fá dheireadh rinne suas a h-intinn na daoine chaitheadh as a seilbh. Rinne Padraig Mór an baile reidteuc fá cóir an lae ar ar araibh na daoine le caiteam amac. Nuair a tainic an lá - lá fuar faoi Samain, Tháinigh Pádraigh Mór an Ceóiníneach. fear eile do bí ag obair do Chaitlin; foirsí na Cronach agus caitheadh amac gac duine ar an mbaile as a seilbh ac cúpla duine, agus muinntir Pádraigh Mhóir. Nuair a bhí na daoine bocta caithte amac ar thaobh an bhóthair, Dúin Pádraigh Mor na doirse cuir clair ar na fuinneogaibh agus leagad binn gach tighe le "cróbhar". Tá sé ráidthe go raibh na daoine ag iarraidh a mbreicfeasta a dhéanam ar taobh an bhóthair agus tháinigh Pádhraigh Mór; mhúc sé an téine orta. Sean bean a bhí na cómhnaidhe i dtigh Pádraig Móir, Tháinic sí cucha trát eicint tar eis iad a cur amac agus dubairt leo "ceal nár imthigh sibh fós" go n-imtigh an tuile libh ceard atá sibh a fhuire annseo." B'éigin do chuid mhaith dé na daoine imteacht leo. Dubhairt Padráig Mór nach raibh siad indon an cíos a íoc. Shocruigh sé a muinntir féin isteach in a áit. D'fagh sin gabaltais mhaithe ag muinntir Padráig Móir indiu ar an mbaile seo - siad sin na Ciaráin ata ann go fairsing. Na gabhaltaisí atá aca indiu fuair a n-aithreacha rómpa go h-eagcórach iad, mar cuiread an ruaig ar na daoine ar leobtha o ceart iad. Is iomdha gníomh olc a rinne Padraigh Mór ar muinntir abaile fein.
- Bailitheoir
- Pádraig Pleamonn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Domhnalláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Éanacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mairéad Bean Uí Phléimeann
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe