Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort na Léime
  2. XML Leathanach 0316
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an sgoith go maith le n-ól agus muna mbíodh bainne ag na daoine. D'óladh siad an sgoith le leite ar a suipéar gach oidhche.
    Déantaí buarán freisin leis an sgoith mar seo a déantaí é. Nior mór an tubán no an "Cuiléir ann í mbeadh an sgoith a mheasgadh go maith annsin sop den tuighe bheadh sa tubán a sgaradh amach thríd. Beith dath geal ar an sgoith sin. Níor mór an pota beag beith glan agus an sgoith a sgagfaí as an tubán chur isteach ann í chur sios le bruith. Níor mór maide pota beith ann agus an sgoith a coinneál corruighthe go maith. Nuair bhíodh sé bruithte cuirtí amach ar phláta í agus óltaí leamhnacht leí.
    Bhíodh buirián blogam ann freisin. Ní eireochaidh an buirian blogam tuigh. Sé an caoi a n-oltaí an buirian blogam as naigíní.
    San Mart fado deanadh na sean daoine bruthán neantóige. Sé sin brután a dhéanamh agus gas neantóige a chur síos ag bruith ann. Chreid na sean daoine dá n-óladh siad trí bhruthán neantóige agus da n-itheadh siad trí cathal biorla nach bhfuigheadh siad scríd slaghdán na tinneas ar fadh bliadhna acht ba ceart na trí bruthán neantóige ól agus na trí cathail biorla ithe i mí Márta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge